Home / News / Tá Sraith Podchraoltaí Úrnua “The CrewCall Podcast” ar Fáil Anois

Tá Sraith Podchraoltaí Úrnua “The CrewCall Podcast” ar Fáil Anois

 

Tá an podchraoladh is nuaí in Éirinn, The CrewCall Podcast, seolta ag Ionad Scannán na Gaillimhe i gcomhar le hÚdarás Craolacháin na hÉireann agus leis an gCiste WRAP. Curtha i láthair ag Linda Breathnach, as Gaillimh, tabharfar tús áite sa tsraith sé chuid seo do thallann chruthaitheach ó réimsí de thionscal scannán agus teilifíse na hÉireann nach minic a ndéantar trácht orthu. Don té a bhfuil spéis aige san earnáil seo faoi bhláth, tabharfar deis leis an tsraith seo eolas a chur ar na réimsí sin ó na saineolaithe iad féin lena n-áirítear Mary Pike, Eimear O’Grady, Linda Gannon, Steve Lynch, Peadar Cox agus Barry Conroy.

Faoi stiúir Linda Breathnach, scríbhneoir, stiúrthóir agus aisteoir a bhfuil gradaim buaite aici, tabharfar léargas ar an gceird i ngach eagrán chomh maith le treochtaí gairme agus scéalta éagsúla na ndaoine gairmiúla ó réimsí fíorthábhachtacha i gcúrsaí léirithe scáileáin, ar réimsí iad nach dtugtar aird rómhinic orthu, éachtaí, ceol agus soilsiú ina measc. I measc na n-aíonna beidh:

– Barry Conroy (Saoiste)
– Peadar Cox (Cóitseálaí Canúna, Aistritheoir, Scríbhneoir & Aisteoir)
– Linda Gannon Foster (Dearthóir Gruaige)
– Steve Lynch (Cumadóir)
– Eimear O’Grady (Éachtóir & Comhordaitheoir Éachta)
– Mark Pike (Mionsamhaltóir 3T, Dearthóir Seit & Línitheoir)

Is éard a dúirt Linda Breathnach, “Is mór an onóir dom a bheith mar láithreoir ar an seó seo. Bhí sé an-suimiúil a bheith ag caint leis na haíonna ar fad. Tá mé paiseanta faoi rólanna agus jabanna a bheith ag muintir an Iarthair i scannánaíocht agus mar sin bhí mo chroí go hiomlán san obair. Tá súil agam go dtaitneoidh sé le daoine agus go spreagfaidh sé dream a bhfuil suim acu san obair scannánaíochta dul chun cinn a dhéanamh ina gcuid oibre féin”.

Tá na sé eagrán ar fad ar fáil saor in aisce ón lá inniu ar aghaidh (09 Márta, 2022) ar Spotify agus ar na gnáthardáin do phodchraoltaí. Glac páirt sa chomhrá ar na meáin shóisialta trí úsáid a bhaint as #GFCCrewCallPodcast.

Ionad Scannán na Gaillimhe i gcomhar le hÚdarás Craolacháin na hÉireann (BAI) agus Ciste Western Region Audiovisual Producers (Ciste WRAP) atá ag cur an Podchraoladh CrewCall faoi bhráid an lucht éisteachta.

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *