Fógraíonn TG4 agus an Chomhairle Ealaíon i gcomhar le Ionad Scannánaíochta na Gaillimhe séasúr nua do ILDÁNA. Tá deis nua í ILDÁNA le tacú le léiriú scannáin fhaisnéise don teilifís agus don amharclann ar na h-ealaíona in Éirinn inniu. Beidh dhá scannán le uasbhuiséad ILDÁNA do E80,000 an ceann maoinithe le taispeáint sna pictiúrlanna agus le craoladh ar phríomhsceideal cláir TG4. Iarratais roimh Deireadh Fómhair 20 2017. Ábhar a bhfuil raon cruthaitheach agus uaillmhianach amháin atá i gceist le ilDÁNA le scannáin 60 – 70 noiméad a chruthú.
“Agus liosta láidir léiriúcháin cheana féin ag an scéim Splanc! le fiche bliain anuas agus duaiseanna buaite ag go leor acu, fáiltíonn TG4 roimh an tionscnamh seo. Cinneoidh sé go mbeidh faisnéis ar an gcaighdeán is airde mar chuid lárnach do sceideal cláir TG4” arsa Proinsias Ní Ghrainne, TG4.
Beidh cóiriú faoi leith atá cruthaitheach agus nuálach ag saothair atá coimisiúnaithe faoi ILDÁNA. Beidh gach réimse ealaíne san áireamh. Tabharfar tús áite do shaothar comhaimseartha agus is féidir le saothar staire a bhfuil coiriú agus tábhacht comhaimseartha luaite leo a bheith san áireamh freisin.
Beidh dhá scannán le uaisbhuiséad de €80,000 an ceann maoinithe sa chéad shéasúr don scéim ‘ilDÁNA’. Seolfar an dá scannán le taispeántas pictiúrlanna agus deis do thréimhse dáileacháin amharclanna roimh chraoladh ar TG4 in bhfómhar 2018.
“Tá ríméid ar an gComhairle Ealaíon tógáil ar an bpáirtíocht sean-bhunaithe le TG4 ag seoladh ilDÁNA. Cuirfidh sé ar chumas scannánóirí saothair uaillmhianacha, dána ealaíne a chruthú tríd thaispeántais amharclanna agus teilifíse na scéime spreagúil seo” arsa Fionnuala Sweeney, An Chomhairle Ealaíon.
Beidh an scéim á riaradh ag Ionad Scannánaíochta na Gaillimhe agus beidh téarmaí trádála TG4 i bhfeidhm. Beidh ionadaithe ó TG4, ón gComhairle Ealaíon agus ó Ionad Scannánaíochta na Gaillimhe i mbun roghnú na n-iarratas.
“Tá áthas ar Ionad Scannán na Gaillimhe a bheith páirteach sa scéim nua seo le buiséad maith a chuirfidh sé ar chumas déantóirí scannán rioscaí cruthaíochta a thógáil I dtreo saothair spreagúla, dána don amharclann agus don teilifís.” arsa Declan Gibbons, Ionad Scannánaíochta na Gaillimhe
Iarratais:
Seol iarratais chuig Ionad Scannánaíochta na Gaillimhe roimh 17:00 ar an 20ú Deireadh Fómhair 2017. Ní ghlacfar le h-iarratais nach bhfuil críochnaithe nó a thagann I ndiaidh an sprioc. Iarratais mar ríomhphoist amháin chuig: ildana@galwayfilmcentre.ie
- Fad na scannáin: 50 – 70 nóiméad.
- Buiséad léirithe: €80,000 an scannán.
- Formáid: HD le fotheidil Bhéarla.
- Teanga: Gaeilge nó dátheangach.
Is gá na nithe seo ar leanas a bheith istigh leis an iarratas:
- Foirm coimisiúnaithe ‘ilDÁNA’ – cliceáil anseo le .doc nó cliceáil anseo le PDF
- Cóiriú cuimsitheach cláir.
- Nótaí ar cur chuige físiúil an togra.
- Straitéis lucht féachana teilifíse agus amharclanna agus plean I leith dáileadh amharclanna má fheileann.
- Buiséad léirithe cruinn agus achoimre ar bhuiséad (beidh costas ar ghlanadh cóipchirt ceoil agus ábhair eile, ábhar seachadadh agus margaíochta san áireamh) – cliceáil anseo
- C.V do bhaill foirne a bhéas ag plé le eilimintí ealaíona an togra – an stiúrthóir, an léiritheoir, an scríbhneoir, an t-eagarthóir.
- Cruthúnas ar úinéireacht ar an ábhar le dul i mbun léirithe. Cóip do chomh aontaithe atá déanta le scríbhneoirí agus eile más gá.
- Cruthúnas ó phríomh pháirtithe an togra go bhfuil siad aontaithe tabhairt faoin togra seo.
- Trí shampla do shaothar an stiúrthóra.
- Aon ábhar taca eile.
Molann TG4 agus An Chomhairle Ealaíon oibrithe scannáin a oibríonn trí mheán na Gaeilge agus tá riachtanas I leith íocaíocht agus coinníollacha cothromacha do pháirtithe páirteach sna scannáin I bhfeidhm.
Roghnú:
Roghnófar scannáin ‘ilDÁNA’ bunaithe ar:
- Taithí an iarrthóir
- Fís ealaíona an iarrthóra agus an cruthaíocht an cur chuige atá molta don ábhar.
- Féidireacht/ indéantacht an togra atá molta.
D’fhéadfadh maoiniú breise (suas le 5k an togra roghnaithe) a bheith ar fáil le tacú le dáileadh amharclanna an togra bunaithe ar an straitéis lucht féachana atá molta.
Beidh tograí ar ghearrliosta iarta chun agallaimh I lár mí na Samhna 2017.
Beidh TG4 ag eiseadh na gconarthaí léirithe agus beidh comhaontú caighdeánach léirithe TG4 I bhfeidhm.
Tá súil le na tograí a bheith críochnaithe agus ar fáil le craoladh i 2018.