Tá Ionad Scannán an Gaillimhe ríméadach scéim nua maoinithe a fhógairt do dhaoine óga a bhíonn i mbun scannánaíochta i gCathair agus i gContae na Gaillimhe dar teideal Dig Where You Stand.
Tá obair déanta ag Ionad Scannán na Gaillimhe i gcomhar le lear mór lucht déanta scannán le cúpla bliain anuas chun breis is 70 scannán pobail a dhéanamh faoin scéim ID Projects chomh maith le lucht nua déanta scannán a chothú faoi Galway Stories Film Production Camp i gcomhar le Screen Talent Europe. Tá sé i gceist cur leis an taithí sin le Dig Where You Stand agus tallann déanta scannán a fhorbairt i measc daoine óga i nGaillimh agus deis a thabhairt do lucht déanta scannán as an áit a gcuid tallainne a fhorbairt mar lucht déanta scannán faisnéise.
Baineann an ráiteas Dig Where You Stand leis an tSualainn, ráiteas a chuir an t-údar Sven Lindqvist i mbéal an phobail, atá bunaithe ar an smaoineamh má dhéanann duine taighde faoina stair agus an áit a bhfuil cónaí air go mbeidh níos mó tuisceana ag té sin ar a shaol féin agus an ceangal atá aige le daoine eile.
Trí shaibhreas agus chumas ár bpobail féin a iniúchadh agus éagsúlacht na bpobal sin a ghlacadh chugainn féin táthar ag súil go dtiocfaidh lucht déanta scannán na Gaillimhe ar ábhar tairbheach i gCathair agus i gContae na Gaillimhe do scannáin fhaisnéise. Iarrtar ar lucht déanta scannán féachaint ar na téamaí Imirce, Tírdhreach agus Teanga atá ábhartha, ní hamháin i gcás na Gaillimhe, ach i gcás na hEorpa ar fad agus a cheanglaíonn leis na téamaí a spreag Gaillimh 2020 Príomhchathair Chultúir na hEorpa.
Tabharfaidh an tionscadal Dig Where You Stand deis do dhéantóirí óga scannán ó chúlraí éagsúla nascadh le Líonra Screen Talent Europe agus is bealach gairmiúil é sin ag lucht déanta scannán le deiseanna a fháil ceangal a dhéanamh lena macasamhail féin san Eoraip.
Dar le Bainisteoir Ionad Scannán na Gaillimhe, Declan Gibbons, “Tá Ionad Scannán na Gaillimhe tiomanta na ceithre shraith Sult, Foghlaim, Rannpháirteacht agus Léiriú a fhorbairt atá ag teacht le príomhmhisean na heagraíochta agus le príomhmhisean aimniúchán na Gaillimhe mar Chathair Scannánaíochta UNESCO. Tá ríméad orm an scéim nua maoinithe a fhógairt agus tallann nua déanta scannán a fhorbairt i nGaillimh.
Treoirlínte:
- Déanfar dhá ghearrscannán fhaisnéise ar leith, idir 10 agus 15 nóiméad ar fhad, a léiriú, ceann a bheidh bunaithe i gCathair na Gaillimhe agus ceann i gContae na Gaillimhe.
- Ní mór do lucht déanta scannán a bheidh rannpháirteach a bheith lonnaithe i nGaillimh agus a bheith faoi bhun 35 bliana d’aois.
- Beidh buiséad suas le €6000 ar fáil do gach scannán.
- Cuirfidh lucht déanta scannán seanbhunaithe meantóireacht ar fáil do dhéantóirí scannán rannpháirteacha.
- I measc na dtéamaí beidh Imirce, Tírdhreach agus Teanga ag teacht le Gaillimh 2020 Príomhchathair Chultúir na hEorpa
- Cuirfidh Ionad Scannán na Gaillimhe tacaíocht ar fáil i bhfoirm trealamh, comhairle agus cúnamh.
Conas iarratas a dhéanamh:
Seoladh lucht déanta scannán an méid seo ina dhiaidh seo ar ríomhphost chuig: digwhereyoustand@galwayfilmcentre.ie
- 1 leathanach ina leagtar amach smaoineamh do scannán faisnéise. (PDF)
- Buiséad beartaithe suas go dtí €6000 (Comhad Excel)
- CV cothrom le dáta (PDF)
- 2 nasc chuig obair a rinneadh roimhe seo. (Vimeo/Youtube/Láithreán Gréasáin)
- Ríomhphost/litreacha tiomantais ó phríomh-rannpháirtithe (PDF)
- Aighneacht iomlán le seoladh in aon (1) ríomhphost amháin agus tagairt i líne an ábhair do Chathair na Gaillimhe nó do Chontae na Gaillimhe
Cuirfear iarratasóirí ar ghearrliosta agus glaofar chun agallaimh orthu amach i mí Iúil.
An DÁTA DEIRIDH a nglacfar le hiarratais: 5pm, Dé Luain an 17ú Iúil
Chun tuilleadh eolais a fháil seol ríomhphost chuig: admin@galwayfilmcentre.ie nó glaoigh ar 091 770748.
#GalwayCityofFilm #CeantarScannán