Tá Ceantar Scannán UNESCO na Gaillimhe ag ceiliúradh Eirí Amach 1916 le clár spreagúil scannáin agus teilifíse a bheidh á reachtáil thar 8 Satharn i 2016. Mar chuid den chlár beidh taispeántas scannáin, díospóireachtaí agus plé ar fhorbairt ár bhféiniúlacht náisiúnta agus ár scannáin náisiúnta le céad bliain anuas.
Cuirfidh Aoistiúrthóir faoi leith gach ócáid i láthair agus is é Mick Hannigan, Stiúrthóir Féile Neamhspleách Chorcaí a bheidh i mbun coimeádaíochta eagrán mhí Mheithimh.
Dé Sathairn 18ú Meitheamh
100 Bliain Scannánaíochta: Gearrscannáin Éireannacha
- 11.30rn: Taispeántas saor in aisce Ceantar Scannán UNESCO- Gearrscannáin ó Scoil Faisnéise agus Scannán Ionad Scannán na Gaillimhe
- 12.00in: Splanc! 2016: Taispeántas saor in aisce speisialta d’ocht ghearrscannán nua ó Splanc! – scéim de chuid TG4 agus An Chomhairle Ealaíon á riarú ag Ionad Scannán na Gaillimhe. Is scéim do Scannáin Faisnéise Ealaíona i nGaeilge é Splanc! a thacaíonn le scannáin a chuireann na hEalaíona in Éirinn faoi chaibidil.
- 1.00in: I dtreo Cnuasach gearrscannáin Éireannacha den scoth roghnaithe ag Mick Hannigan: Le 30 bliain anuas tá Mick Hannigan ag roghnú scoth na n-Gearrscannán Éireannacha dá fhéilte scannán. Tá sé mar bhall de bhord stiúrtha Chomhdháil Ghearrscannáin Clermont Ferrand agus is Iar-Stiúrthóir Fhéile Scannán Chorcaí é. Faoi láthair oibríonn sé le Féile Neamhspleách Chorcaí. Beidh Felim McDermott, iar-stiúrthóir Fleadh Scannán na Gaillimhe, i láthair chomh maith ar an lá chun agallamh a dhéanamh le Mick. Beidh lucht déanta scannán i láthair chomh maith chun a gcuid saothair a phlé.
Ticéidí: €5.50
Ionad: Taibhdhearc na Gaillimhe Teil: 091-562024 nó ar www.antaibhdhearc.com.
Táille le n-íoc ar an idirlíon.
#CeantarScannán