Home / News / Free Acting Workshop as Gaeilge

Free Acting Workshop as Gaeilge

An bhfuil tú dífhostaithe & ag cuartú slí bheatha san aisteoireacht? Ar mhaith leat a bheith mar chuid den chliar i Ros na Rún & léirithe teilifíse Gaeilge eile? Seo do sheans! Tá Ros na Rún i gcomhpháirtíocht le Gréasán na Meáin, ag eagrú ceardlainn aisteoireachta lae chun aisteoirí nua a haimsiú. Dianchúrsa lae, le ranganna máistreachta san aisteoireacht don cheamara. Cuirfear dian-thraenáil cuimsitheach san aisteoireacht trí mheán na Gaeilge ar fáil le stiúrthóirí agus foireann teicniúl oilte.
Tabharfar na haisteoirí ar thuras ón script go dtí an cheamara faoi stiúir stiúrthóir gairmiúl le treoir agus tacaíocht ón bhfoireann léiriúcháin. Má éiríonn leat ar an lá seo, beidh muid ag tairiscint dianchúrsa dhá lá do dheichniúir.

Seol do chuid sonraí teagmhála le CV & griangraf chuig:
info@greasannamean.ie nó glaoch ar 091-558400

  • Tá sé seo oscailte do dhaoine atá os cionn 18 bliana d’aois.
  • Gaeilge le líofacht maith riachtanach.
  • Do dhaoine atá dí-fhostaithe amháin.

*Sólaistí ar fáil ar an lá.

Dáta: Dé Céadaoin 1 Bealtaine
Am: 9.30rn-4.00in
Ionad: Connemara Coast Hotel
Riachtanais: Os cionn 18, Gaeilge líofa & do rannpháirtithe
dífhostaithe amháin
Méid: Saor in aisce!

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *