Home / Funding Schemes / ilDÁNA / Maoiniú Breise Agus Páirtí Nua Ag ‘iLDÁNA’ 2018 agus tá ‘CUMAR’ an tionscadal atá roghnaithe do choimisiún iLDÁNA 2017.

Maoiniú Breise Agus Páirtí Nua Ag ‘iLDÁNA’ 2018 agus tá ‘CUMAR’ an tionscadal atá roghnaithe do choimisiún iLDÁNA 2017.

Tá ríméad ar TG4 agus an Chomhairle Ealaíon i gcomhar le hIonad Scannán na Gaillimhe a fhógairt go mbeidh Údarás Craolacháin na hÉireann anois i bpáirt leo ar ilDÁNA 2018. Tá buiséad méadaithe de €120,000 curtha ar fáil anois freisin ag na páirtithe don chlár faisnéise mór seo.

Scéim í ilDÁNA a ceapadh le sceideal TG4 a threisiú trí thacú le fadscannán uaillmhianach faisnéise Gaeilge a chur á dhéanamh bunaithe ar ghnéithe de na healaíona in Éirinn. Taispeánfar an scannán sna pictiúrlanna chomh maith lena chraoladh le linn buaicama ar TG4 agus is féidir aighneachtaí do scéim 2018 a chur isteach anois chuig Ionad Scannán na Gaillimhe. Ní mór iarratais a bheith istigh tráth nach déanaí ná 17:00 Déardaoin an 21 Meitheamh.

Tá ríméad orainn a fhógairt gurb é ‘CUMAR’ an tionscadal atá roghnaithe do choimisiún iLDÁNA 2017. CUMAR: Clár faisnéise é CUMAR: An Exploration of Confluence arna stiúradh ag Aodh Ó Coileáin agus arna léiriú ag Magamedia. Fiosróidh an scannán, ina mbeidh ealaíontóirí ó réimsí éagsúla páirteach, Gaillimh mar chumar cruthaitheachta agus ealaíonta. Measúnú físiúil a bheidh sa scannán ar an gceangal atá ag ealaíontóirí atá lonnaithe i nGaillimh lena dtimpeallacht agus déanfar miondealú ar na tionchair éagsúla cultúir a mhúnlaigh Gaillimh fhéin agus an cultúr ealaíne atá tagtha chun cinn ann. Ina chumar ag muir agus talamh, ina chumar smaointeoireachta agus scéalta, bhí tionchar ag nithe éagsúla agus nua riamh ar Ghaillimh; tá lorg an iomaí sibhialtacht agus cultúr ar an gcathair agus ar an gcontae. Cuid acu a tháinig i dtír, cinn eile a tháinig isteach déanfar an coincheap den chathair mar chumar cultúir agus ealaíon a fhiosrú trí shúile ár n-ealaíontóirí.

Is é Aodh Ó Coileáin a stiúir ‘Fís na Fuiseoige’ a taispeánadh den chéad uair ag Féile Idirnáisiúnta Scannán Bhaile Átha Cliath in 2016 agus a thuill moladh ó lucht léirmheasa. Taispeánadh freisin é ag féilte i Meiriceá, sa Bhreatain agus san Eoraip. Léachtóir leis na Meáin Chumarsáide é Aodh in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge in Ollscoil na hÉireann Gaillimh. Is comhlacht léiriúchán neamhspleách é Magamedia a bhí i mbun ‘Eipic’ agus na cláracha faisnéise ‘Noel Hill-Aisling Ghéar’ agus ‘Snáithe’ le déanaí.

 Deis iontach atá i scéim iLDÁNA do lucht déanta scannán faisnéise tabhairt faoi scannán faisnéise cineamatach faoi na healaíona i nGaeilge.

“Tá sé tráthúil go leor go bhfuiltear leis an gceangal idir na healaíona agus na healaíontóirí i nGaillimh a scrúdú tráth a bhfuil an chathair ag fáil faoi réir do Chathair Chultúir na hEorpa 2020. Tá ríméad ar TG4 dul i mbun comhoibriú leis an gComhairle Ealaíon, an BAI agus Ionad Scannán na Gaillimhe ar an scannán faisnéise mór seo. Tá sé léirithe arís agus arís eile ag tionscnóirí an tionscadail go bhfuil siad ábalta cláir den chéad scoth a chur ar fáil i réimse seánraí agus níl aon amhras orm ach go ndéanfaidh siad an cleas céanna le ‘Cumar’” a deir Proinsias Ní Ghráinne, Eagarthóir Coimisiúnaithe, TG4.

Táthar ag súil CUMAR a thaispeáint den chéad uair ag Fleadh Scannán na Gaillimhe agus a chraoladh ar TG4 in 2019.

Tá na sonraí ar fad faoi bhabhta 2018 de ilDÁNA chomh maith le treoirlínte iarratais le fáil ar www.galwayfilmcentre.ie

#iLDÁNA #IrishFilm #ArtsIreland

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *

You may use these HTML tags and attributes: <a href="" title=""> <abbr title=""> <acronym title=""> <b> <blockquote cite=""> <cite> <code> <del datetime=""> <em> <i> <q cite=""> <s> <strike> <strong>