Home / Funding Schemes / Dig Where You Stand / Invitation to the Premiere Screening of ‘Dig Where You Stand’ Documentaries

Invitation to the Premiere Screening of ‘Dig Where You Stand’ Documentaries

Dig Where You Stand Invitation high res

Beidh an chéad taibhiú de dhá chlár faisnéise a léiríodh i mbliana faoin scéim maoinithe Dig Where You Stand na bliana seo ar siúl ag 3pm Dé Sathairn an 24 Márta in Amharclann na Taibhdheirce.

Tá clár faisnéise ‘Console My Heart’ déanta ag an Stiúrthóir James Ward agus an léiritheoir Will Smith ó Flying Knee Productions faoi Veronica Ncube, iar-iarrthóir tearmainn ón Afraic Theas a bhfuil cónaí uirthi anois i gCathair na Gaillimhe. Léargas pearsanta ar Veronica atá sa scannán a chíorann mar a d’éirigh léi agus í ina hiarrthóir tearmainn sa Chóras Soláthar Díreach agus an mian atá aici a bheith ina hamhránaí ceoldrámaíochta amach anseo.

Tá clár faisnéise dátheangach, ‘Grá & Eagla’, déanta ag an stiúrthóir Caitríona Ní Chadhain le Slip Jig Media ina bhféachtar ar shícé na hÉireann agus a cheistíonn déscaradh aisteach an ghrá agus an eagla atá ag daoine dár dteanga dhúchais. Insítear scéal an fhuirseora Áine Gallagher agus í ag ullmhú dá seónna dátheangacha grinn ar a boinn. Tugann an scannán léargas nua ar an gcainteoir Gaeilge in Éirinn an lae inniu agus tugann sé misneach do chainteoirí Gaeilge sa todhchaí.

Scéim maoiniúcháin do dhéantóirí óga scannán i gCathair agus i gContae na Gaillimhe is ea Dig Where You Stand agus tá Ionad Scannán na Gaillimhe an-bhuíoch as an tacaíocht maoiniúcháin a thugann Comhairle Chathair na Gaillimhe agus Comhairle Chontae na Gaillimhe dó.

Is taibhiú poiblí SAOR IN AISCE é seo agus tá fáilte roimh chách.

#CeantarScannán

————————————————

The premiere screening of two documentaries produced through this years Dig Where You Stand funding scheme will take place at 3pm on Saturday 24th March in An Taibhdhearc Theatre.

Director James Ward and Producer Will Smith of Flying Knee Productions have produced ‘Console My Heart’ a documentary on Veronica Ncube, a former asylum seeker from South Africa who now resides in Galway City. The film is an intimate portrait of Veronica that delves into her experiences as an asylum seeker in the Direct Provisions Systems and her future aspirations to be an opera singer.

Director Caitríona Ní Chadhain with Slip Jig Media have created a bilingual documentary, ‘Grá & Eagla’, that looks at the Irish psyche and questions the strange dichotomy of love and fear, which Irish people feel towards our native language. It follows Galway based comedian Áine Gallagher as she prepares material for her bi-lingual stand-up comedy shows and the film offers fresh insight into what it means to be an Irish-speaker in modern Ireland and encouragement to future Irish speakers.

Dig Where You Stand is a funding scheme for young documentary filmmakers in Galway City and County and Galway Film Centre gratefully acknowledges the funding support of both Galway City Council and Galway County Council.

This is a FREE public screening and all are welcome.

#GalwayCityofFilm

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *

You may use these HTML tags and attributes: <a href="" title=""> <abbr title=""> <acronym title=""> <b> <blockquote cite=""> <cite> <code> <del datetime=""> <em> <i> <q cite=""> <s> <strike> <strong>