Home / Funding Schemes / Dig Where You Stand / Dig Where You Stand | An Chéad Taibhiú | Dé Sathairn an 24 Márta | Bí saor an Dáta sin

Dig Where You Stand | An Chéad Taibhiú | Dé Sathairn an 24 Márta | Bí saor an Dáta sin

Beidh an chéad taibhiú de dhá chlár faisnéise a léiríodh i mbliana faoin scéim maoinithe Dig Where You Stand na bliana seo ar siúl ag 3pm Dé Sathairn an 24 Márta in Amharclann na Taibhdheirce.

Tá clár faisnéise déanta ag an Stiúrthóir James Ward agus an léiritheoir Will Smith ó Flying Knee Productions faoi Veronica Ncube, iar-iarrthóir tearmainn ón Afraic Theas a bhfuil cónaí uirthi anois i gCathair na Gaillimhe. Léargas pearsanta ar Veronica atá sa scannán a chíorann mar a d’éirigh léi agus í ina hiarrthóir tearmainn sa Chóras Soláthar Díreach agus an mian atá aici a bheith ina hamhránaí ceoldrámaíochta amach anseo.

Tá clár faisnéise dátheangach déanta ag an stiúrthóir Caitríona Ní Chadhain le Slip Jig Media ina bhféachtar ar shícé na hÉireann agus a cheistíonn déscaradh aisteach an ghrá agus an eagla atá ag daoine dár dteanga dhúchais. Insítear scéal an fhuirseora Áine Gallagher agus í ag ullmhú dá seónna dátheangacha grinn ar a boinn. Tugann an scannán léargas nua ar an gcainteoir Gaeilge in Éirinn an lae inniu agus tugann sé misneach do chainteoirí Gaeilge sa todhchaí.

Scéim maoiniúcháin do dhéantóirí óga scannán i gCathair agus i gContae na Gaillimhe is ea Dig Where You Stand agus tá Ionad Scannán na Gaillimhe an-bhuíoch as an tacaíocht maoiniúcháin a thugann Comhairle Chathair na Gaillimhe agus Comhairle Chontae na Gaillimhe dó.

Is taibhiú poiblí SAOR IN AISCE é seo agus tá fáilte roimh chách.

Seolfar sonraí eile go gairid ach idir seo agus sin bí cinnte go mbeidh tú saor an dáta sin!

Black GFC UNESCO CoFcity-councilGalway County

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *

You may use these HTML tags and attributes: <a href="" title=""> <abbr title=""> <acronym title=""> <b> <blockquote cite=""> <cite> <code> <del datetime=""> <em> <i> <q cite=""> <s> <strike> <strong>