Home / UNESCO Galway City of Film News / Soiscéal (Scannáin) Mharcais i gcomhar le hÚdarás Craolacháin na hÉireann

Soiscéal (Scannáin) Mharcais i gcomhar le hÚdarás Craolacháin na hÉireann

Dátaí: Dé Ceadaoin 21 Meitheamh
12.30-2: ‘I Am Belfast’
2-2.30: Tea/Coffee
2.30-4.30: Agallamh le Mark Cousin & Declan McGrath

Áit: An Taibhdhearc Theatre, Middle Street, Galway City
Ticeidí: Eventbrite

Glacfaidh an fear scannán agus an láithreoir/léirmheastóir scannán/cláraitheoir, Mark Cousins, páirt in agallamh faoina chuid oibre mar chuid de Galway City of Film. Roimhe sin, taispeánfar a scannán ‘I am Belfast’*.

Pléifidh Mark an cur chuige atá aige i leith an stiúrtha agus cuid dá mhórshaothar á phlé aige, ina measc an clár faisnéise ‘The Story of Film: An Odyssey’, a raibh cúig mhír dhéag ann agus a craoladh ar More4 agus a taispeánadh ag Féile Scannán Idirnáisiúnta Toronto 2011. Lena chois sin, pléifidh sé tionscadail eile ina roinntear a chuid smaointe pearsanta linn, ar nós ‘What is this Film called Love?’ agus ‘6 Desires: DH Lawrence and Sardinia’. Is minic Mark leis féin i mbun scannán, gan aon chriú aige ar fiú labhairt air agus gan aige ach a cheamara. Cíorfar an cur chuige seo san agallamh.

Fear a bhfuil fios a ghnaithe aige Mark agus cáil air ar fud an domhain de bharr a chuid scannán, alt agus leabhar agus is chuige a théitear le heolas a fháil ar thionscal na scannánaíochta, mar a bhí, mar atá agus mar a bheas. Tá stiúrthóirí ar nós David Lynch, Martin Scorsese agus Jane Campion curtha faoi agallamh aige. Chláraigh sé Féile Scannán Idirnáisiúnta Dhún Éideann freisin agus chuir Moviedrome agus Scene by Scene i láthair ar BBC2.

Chomh maith le caint a dhéanamh ar a chuid oibre féin, pléifidh Mark cúrsaí scannánaíochta mar atáid faoi láthair agus an draíocht a bhaineann le scannáin san aois dhigiteach.

Declan McGrath, stiúrthóir, léirmheastóir scannán agus fear as Béal Feirste é féin, a chuirfidh Mark faoi agallamh.

Más duine thú ar breá leat an phictiúrlann, bí linn sa Taibhdhearc an 21ú Meitheamh.

_______________________

*Scannán é ‘I am Belfast‘ a bhaineann le seánra an réalachais draíochta, áit a bhféachfaidh an stiúrthóir Mark Cousin ar a bhaile dúchais. Christopher Doyle, cineamatagrafaí (‘In the Mood for Love’, ‘Rabbit-Proof Fence’), a rinne an scannánú ar an gcuntas fileata, físiúil seo agus ba é an cumadóir David Holmes (‘71’, ‘Hunger’) a chuir ceol leis. Ar na téamaí a chíortar sa scannán, tá an tírdhreach atá taobh leis an gcathair, an t-athrú atá tagtha ar ailtireacht na cathrach, agus an tionchar a bhí ag na Trioblóidí ó thuaidh ar chúrsaí polaitíochta agus ar shaol na ndaoine.

Black GFC

UNESCO CoFBroadcasting_Authority_of_Ireland_(logo)

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *

You may use these HTML tags and attributes: <a href="" title=""> <abbr title=""> <acronym title=""> <b> <blockquote cite=""> <cite> <code> <del datetime=""> <em> <i> <q cite=""> <s> <strike> <strong>