Home / UNESCO Galway City of Film News / Club Scannán Sailearna present ‘The Black Hen’ | Dé Deardaoin 9ú Feabhra

Club Scannán Sailearna present ‘The Black Hen’ | Dé Deardaoin 9ú Feabhra

The black hen #2 The Black Hen

 

 

 

 

The Black Hen
Stiúr: Min Bhadadur Bham – Neipeal, An Fhrainc, An Ghearmáin, An Eilvéis 2015 – 90 nóiméad

Tá an scannán seo lonnaithe i Neipeal sa mbliain 2001, tráth a raibh deireadh ag teacht leis an gcogadh cathartha agus an dá thaobh, an eite chlé agus an eite dheis, sásta cainteanna síochána a ghairm. Ach tá teannas fós le brath amuigh faoin tuath agus an baol i gcónaí ann go mbrisfeadh an cogadh amach arís. Tá saighdiúirí ar patról agus iad ag bagairt ar na daoine agus tá na treallchogaithe fós ag iarraidh dul i gcion ar an bpobal bocht nach bhfuil léamh ná scríobh acu. Ní cúrsaí cogaíochta atá ag cur as don dá phríomhcharachtar sa scannán seo ach cearc dhubh a théann ar iarraidh, cearc dhubh, atá ina foinse ioncaim don bheirt acu.

Bhuaigh an scannán seo an gradam Fedeora don scannán is fearr ag Seachtain Idirnáisiúnta na Léirmheastóirí Scannán sa Veinéis in 2016.

Tá níos mó eolais faoi na scannáin, maraon le blaisíní, ar fáil ar clubscannan.ie. Tosnaíonn an scannánn sa Seanscoil, Indreabhán ag 8.15 i.n. ar an Déardaoin seo, 9ú Feabhra. Is féidir an club a leanúint ar Facebook agus Twitter chomh maith.

 

The Black Hen
Director: Min Bhadadur Bham – Nepal, France, Germany, Switzerland 2015 – 90 minutes – Cert: Club

Set at a time when Nepal was ravaged by a deadly Maoist insurgency, the story revolves around two rural boys’ search for a hen on which their futures hinge, The film unfolds in 2001 at a time in Nepal when a protracted civil war between the army and left-wing rebels seems to be winding down, with both parties reaching out for peace talks. But the tension remains high, as both sides continue to play brinksmanship in the rural hinterlands: menacing soldiers in full military attire still patrol the heavily militarized countryside, while guerillas stage sermons and shows in villages in an attempt to rally support from the impoverished and mostly illiterate rural population. However the film’s two young protagonists confront more practical issues in life.

Winner Fedeora Award Best Film (International Film Critics Week) Venice, 2016

Further information on the film, including a trailer, is available on the club’s website clubscannan.ie. Films commence at 8.15 pm, in the Seanscoil, Indreabhán, this Thursday evening, February 9th. You can also follow Club Scannán on Facebook and Twitter pages.

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *

You may use these HTML tags and attributes: <a href="" title=""> <abbr title=""> <acronym title=""> <b> <blockquote cite=""> <cite> <code> <del datetime=""> <em> <i> <q cite=""> <s> <strike> <strong>